Skip to content ↓

An Chéad Fhaoistin🕊️

An Chéad Fhaoistin 2023!

Ar an 7ú lá de mí Márta ghlac rang a trí an sacraimint Chéad Fhaoistin. 

Tháinig gach duine le chéile chun an lá a chéiliúradh - na teaghlaigh, na múinteoirí agus na cuntóirí ranga, Bean Uí Phriontoir, Athar Darrach agus Cóir na Bunscoile. 

IMG_3933.jpg

Seirbhís iontach a bhí ann do Fianna, Kyler, Joseph, Corie agus Calum a rinne a gCéad Fhaoistin. Léigh siad na paidreacha do Ghuí an Phobail go fíor mhaith agus d’oibrigh siad go crua le ullmhú don Sacraimint. Tá muid chomh-buíoch le Fintan, Seren agus Isla a bhí ag léamh an Soiscéal dúinn agus le Cóir na Bunscoile uilig a bhí ag canadh go haoibhinn.