Skip to content ↓

Fórsaí Nadúrtha 🌪️⛈️🌋🌊

Beidh muid réidh fá choinne aimsir ar bith atá le teacht!

An téarma seo, d’fhoghlaim muid faoi fórsaí nadúrtha. Bhí ceachtanna lán le turgnaimh againn agus bhí sé giota beag salach! 🧪

 

Mheasc muid uisce agus dathúchán bia i mbábhla chun hairicín a chruthú - nach bhfuil sé suimiúil an dóigh a dtíontaíonn an t-uisce?💧

 

Bhí muid inár dtógálaithe ag obair go crua chun an túr sábhailte is fearr a chruthú. Má tharla crith talún an mbeadh túr s’againn ag seasamh go fóill? 🧱

                 

       

D’úsáid muid shaving foam chun scamall a chruthú. Chuir muid dathúchán bia air spunóg ina dhiaidh spúnóg, le feiceáil an méid “fearthainne” a bheadh sé in ann a choinneáil. Bhí cuma uachtar reoite ar na scamall! 🌧️

Chruthaigh muid bolcáin a bhí ag pleascadh le láibhe! D’oibrigh muid le chéile chun na comhábhair dhifriúla a chur isteach. Bhain muid sult as an phracas a bhí cruthaithe ina dhiaidh.. 🌋