Skip to content ↓

Mionbheithigh🕷️🐝🐛

Na taiscéalaithe is fearr sa domhan!

An téarma seo, topaic s'againn sa Domhan Thart Orainn ná Mionbheithigh!

Bhí muid ag foghlaim faoi na háiteanna difriúla a chónaíonn siad. Mar gheall ar seo, chuaigh muid taobh amuigh ar thóraíocht mionbheithigh!

         

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dár ndóigh rinne muid seic i nóstán na bhfeithidí ar chúl na scoile each ní raith mionbheithíoch ar bith ann.  Bhí siad uilig ag obair i náiteanna eile, ní raibh said ag iarraidh dul ar laethanta saoire inniu!  

   

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

D'amharc muid sa chré agus chonaic muid cúpla péist! Bhí muid cróga chun iad a phiocadh suas go cúramach nó méar a chur in aice leo!

   

 

 

 

 

 

 

 

 

Ní raith seo an deireadh leis na mionbheithigh a d'aimsigh muid... bhí siad achan áit!

    

D'úsáid muid plátaí páipéir agus sriang chun damhan alla ar líon a chruthú...

Chomh maith le seo, d'úsáid muid rollaí ón páipéar leithris, cárta agus réiteoirí píopa agus chun mionbheithigh dhifriúla a dhéanamh!

      

Rinne muid gníomhaíocht rothlach ar na mionbheithigh. Bhí tascanna difriúla ann le déanamh - mionbheithigh a shórtáil maidir le cósa agus sciatháin s'acu, mata le mionbheithigh - iad a chuntas agus a suimiú le chéile, obair fhónaice - ag amharc ar ainmneacha na mionbheitigh agus na siolla atá i gceist leo, agus cluiche meaitseáil - ainmneacha na mionbheithigh a scríobh agus iad a mhéaitseáil leis na ghnáthóga difriúla!

D'fhoghlaim muid faoi saolré an fheileacán! Léigh muid an scéal le chéile agus i ndiaidh d'oibrigh muid le chéile chun na leathanaigh a chur in ord!