Skip to content ↓

R5/6/7

Page 2

  • Faisean Gasta- Fast Fashion

    Published 15/03/23

    Bhí Ben againn inniu ó Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin chun a mhúineadh dúinn faoi ‘Faisean Gasta’ agus an tionchar a bhíonn aige ar an timpeallacht agus ar ár bplainéad! D’uaschúrsál múid ár sean-T-léinte chun málaí a dhéanamh. Bhain R7 an-taitneamh as an seisiún faisnéiseach agus idirghníomhach seo agus tá go leor foghlamtha acu faoin tionscal faisin.

    Read More
  • Lá Spraoi Rang 6&7

    Published 09/03/23

     

    Fuair ​​páistí Rang 6 & 7 blaiseadh de shaol na meánscoile ag Ardscoil Naomh Malmaodhóg. Bhí am iontach acu agus bhain siad an-tairbhe as na ceachtanna a cuireadh ar fail dóibh. 

    Read More
  • Ceadúnas Peann

    Published 06/03/23

    Comhghairdeas le Cillian agus Fintan a bhfuair Ceadúnas Peann s'acu! 

    Fuair siad seo mar gheall ar scríbhneoireacht neata agus soiléir i gcónaí.

    Maith sibh!

    Read More
  • Turas chuig an phictiúrlann le Rang 6 & 7

    Published 01/03/23

    Bhí deis ag Rang 6 & 7 dul chuig an phictiúrlann i rith na seachtaine chun tús a chur le Seachtain na Gaeilge. D'amharc siad ar 10 mbeochain a bhí scríofa ag páistí bunscoile. Bhí siad ar fheabhas ar fad! Bhain na páistí an-sult as an lá.

    Comhghairdeas le na páistí ar fad a ghlac páirt i ndéanamh na scannán.  

    Read More
  • Trócaire le Bertie

    Published 28/02/23

    Bhí deis ag Rang 7 labhairt le Bertie a bhíonn ag obair le Trócaire. Bhí an seans acu rudaí a phlé agus an dóigh a bhíonn Trócaire ag cuidiú le daoine thart an domhan. 

    Read More
  • Ceadúnas peann

    Published 20/02/23

    Comhghairdeas le Seren, Corrah agus Isla a bhfuair Ceadúnas Peann s'acu! 

    Fuair siad seo mar gheall ar scríbhneoireacht neata agus soiléir i gcónaí.

    Maith sibh!

    Read More
  • Tionscadal Na Lochlannaigh

    Published 09/02/23

    Bhí Rang 7 ag foghlaim faoi na Lochlannaigh ar feadh cúpla seachtain. Mar obair bhaile, bhí orthu tionscadal a dhéanamh bunaithe ar seo. Bhí tionscadal s'acu uilig thar bhar ar fad. Bhí Scratch agus Adobe in úsáid ag cuid acu! 

    Maith sibh a pháistí

    Read More
  • Be Safe Event

    Published 08/02/23

    Bhí deis ag Rang 7 freastail ar ócáid bainte le bheith sábháilte. Ba rud iontach é seo do na páistí agus d'fhoghlaim siad cuid mhór an lá seo. Go raibh maith agaibh do na daoine a d'eagraigh seo dúinn!

    Read More
  • Lá Sábháilteacht ar líne

    Published 07/02/23

    Bhí Rang 7 ag ceiliúradh lá sábháilteacht ar líne an tseachtain seo. Labhair na ceannairí digiteach le gach rang ó thaobh a bheith sábháilte agus iad ar líne! Chomh maith le seo, bhí deis acu páirt a ghlacadh i BBC Live Lesson. Bhain siad an-sult as!

    Read More
  • Na Lochlannaigh agus Minecraft

    Published 02/02/23

    Bhí Rang 7 ag foghlaim faoi longa Lochlannach. Chuir Múinteoir Caithlan dúshlán roimh na páistí chun long dá gcuid féin a thógáil ar Minecraft. Nach bhfuil obair iontach déanta acu?

    Maith sibh Rang 7

    Read More
  • Ag obair go crua ar an Chopail

    Published 01/02/23

    Bhí Rang 7 ag obair go crua an tseachtain seo ar an Chopail. Scríobh siad abairtí s'acu féin ag baint úsáid as!

    Maith sibh!    

    Read More
  • Suirbhé Smarties

    Published 31/01/23

    Bhí Rang 7 ag obair le milséain SMARTIES an tseachtain seo. Bhí orthu graifeanna éagsúla a chruthú ar na Ipads le léiriú cá mhéad dathanna difriúil a bhí acu. Bhain said an-sult as agus bhí na milséain blasta ar fad!  

    Read More

Page 2