Skip to content ↓

Ocáidí Speisialta🧧🪔💀☪️

Nach bhfuil na ocáidí seo chomh speisialta?

An téarma seo, d’fhoghlaim muid faoi ocáidí speisialta difriúla: Bliain Úr na Síne, Diwali, Día de los Muertos agus Ramadan!

Our World Around Us topic for this term was Special Occassions. We earned about Chinese New Year, Diwali, Día de los Muertos and Ramadan!

Displaying IMG_3747.jpg

Bliain Úr na Síne

D’fhoghlaim muid faoin tábhacht i gceist leis an iasc agus chruthaigh muid laindéar cosúil leis an traidisiún atá bainte le Bliain Úr na Síne. 

Displaying IMG_3345.jpg           Displaying IMG_3448.JPG

Chomh maith leis seo, d’úsáid muid na hipadanna chun ceol Síneach a chruthú le uirlisí ceoil na Síne ar Garage Band. 

Displaying IMG_4318.JPG

 

Diwali

D’amharc muid ar fhíseán suimiúil bainte le Diwali agus rinne muid comhad firící i ndiaidh. Ansin, bhí tráth na gceist againn agus bhain na buaiteoirí duais!

Displaying IMG_4319.JPG

 

D’fhoghlaim muid faoin scéal Diwali agus an droichead a thóg Rama chun bean s’aige a fháil. D’oibrigh muid i ngrúpaí chun an droichead is fearr a thógail - a bheadh láidir agus sábhailte!

Displaying IMG_4320.JPG      Displaying IMG_4321.JPG

 

Displaying IMG_4322.JPG        Displaying IMG_4323.JPG

 

Rinne muid ealaín galánta nuair a bhí muid ag foghlaim faoi Eid al-Fitr agus Ramadan. Rinne muid pictiur de teampall os comhair eirí na gréine agus d’úsáid muid pláta paipéar chun gealach agus réalta a chruthú - mar is í seo an siombal den Ramadan.

D’amharc muid ar fhíseán do daoine ag déanamh damhsa do Ramadan agus bhain muid triail as! Nach muid na damhsóirí is fearr a chonaic tú riamh?! 

 

Día de los Muertos
D’úsáid muid na hipadanna chun blaoscanna Día de los Muertos a chruthú. Bhí muid ábalta an aghaidh agus na maisiúcháin uilig a athrú agus a phiocadh!

Chomh maith leis seo, chruthaigh muid cnámharlaigh agus rinne muid cloze faoin chéiliúradh. Ansin, chríochnaigh muid an topaic DTO seo le bia traidisiúnta a itheann daoine do Día de los Muertos - seacláid thé Meicsiceanach agus nachos! 
 

 

 

Bhí sé chomh-suimiúil le foghlaim faoi cultúir dhifriúla. Bhain muid an-sult as!!!