Skip to content ↓

Lá Glas ☘️💚

Cé leis an feisteas is fearr?

Ghleas muid suas sna héadaí glasa chunk Lá Glas a chéiliúradh!

Bhí tionól ollmhór ann leis an scoil iomlán agus ghlac gach rang páirt!

Mhaisigh Rang 3/4 an halla leis an ealaín speisialta a rinne muid do tionól s'againn mar bhí muid ag céiliúradh Lá Fhéile Pádraig fosta. I ndiaidh bhí muid ábalta na pictiúir a rinne muid a ghlacadh abhaile!

 

   

Sheas muid go muiníneach ar an ardan os comhair gach duine. Rinne muid an dán Naomh Pádraig a d'fhoghlaim muid agus bhí muid ag canadh 'Labhair an Teanga Gaeilge Liom'. Chomh maith leis seo, thug muid cuidiú do Rang 5/6 an tionól a thoiseacht nuair a chan muid 'Amhrán na bhFiann'.

Tá muid chomh bródúil asainn féin le bheith ábalta amhráin naisiúnta s'againn a chanadh go fíor mhaith!