An lá is fearr den bhliain!
Lá Fhéile Pádraig daoibh ó Rang 7!
Happy St Patrick's Day from Rang 7!
Lá Fhéile Pádraig daoibh ó Rang 7!
Happy St Patrick's Day from Rang 7!
Bhí Ben againn inniu ó Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin chun a mhúineadh dúinn faoi ‘Faisean Gasta’ agus an tionchar a bhíonn aige ar an timpeallacht agus ar ár bplainéad! D’uaschúrsál múid ár sean-T-léinte chun málaí a dhéanamh. Bhain R7 an-taitneamh as an seisiún faisnéiseach agus idirghníomhach seo agus tá go leor foghlamtha acu faoin tionscal faisin.
Fuair páistí Rang 6 & 7 blaiseadh de shaol na meánscoile ag Ardscoil Naomh Malmaodhóg. Bhí am iontach acu agus bhain siad an-tairbhe as na ceachtanna a cuireadh ar fail dóibh.
Comhghairdeas le Cillian agus Fintan a bhfuair Ceadúnas Peann s'acu!
Fuair siad seo mar gheall ar scríbhneoireacht neata agus soiléir i gcónaí.
Maith sibh!
Bhí deis ag Rang 6 & 7 dul chuig an phictiúrlann i rith na seachtaine chun tús a chur le Seachtain na Gaeilge. D'amharc siad ar 10 mbeochain a bhí scríofa ag páistí bunscoile. Bhí siad ar fheabhas ar fad! Bhain na páistí an-sult as an lá.
Comhghairdeas le na páistí ar fad a ghlac páirt i ndéanamh na scannán.