Access Keys:

 
 
Our Lady and St Patrick Primary School, Downpatrick

Lá na bPancóg / Máirt na hInide san Aonad!

1st Mar 2022

Inniu bhí spórt agus spraoi ag páistí an Aonaid agus muid ag ceiliúradh Lá na bPancóg / Máirt na hInide!

Bhí Rang 1/2 ag cur lena gcuid scileanna éisteachta agus iad ag éisteacht go cruinn leis na treoracha ó Mhúinteoir Corinne leis na pancóga blasta a dhéanamh. Nach iad a bhí blasta?!

Bhí Rang 3/4 ag foghlaim faoin dóigh le treoracha a scríobh ach ar dtús báire bhí orthu ord s'acu a chur chuig an chistín! Nuair a bhí na pancóga is cruthaithí ite acu, scríobh siad treoracha do dhaoine eile le go dtig leo pancóga s'acu féin a dhéanamh! Nach iad atá cineálta?

Bhí Rang 5/6 agus Rang 7 ag obair le chéile ag foghlaim go cruinn faoin dóigh le rudaí a mheá. Rinne siad triail eolaíochta ag úsáid meacháin difriúla le feiceáil an ndéarna sé difear ar bith. Bhí siad uilig blasta, dar leo!

 

We had fantastic fun in the Irish Unit today celebrating Pancake Tuesday / Shrove Tuesday. 

Rang 1/2 were developing their listening skills, listening INCREDIBLY carefully to Múinteoir Corinne as she explained how to make a delicious pancake. Everyone in the class worked hard to make the best pancakes in the world!

Rang 3/4 were focussing on Instructional Writing. They had to write their order firstly and send it to Chef Múinteoir Megan before concentrating and observing so that they were able to successfully write their own instructions on how to make the most creative pancakes. 

Rang 5/6 & Rang 7 worked together to improve their measuring skills. They completed an experiment to find out if different measures made the pancakes taste any different. They were all tasty, according to our excellent reporters in Rang 5/6/7!